Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’fhág Dan an scoil roimh cheithre bliana déag agus cáineadh a mháthair dhá scilling dá bharr. D’oibrigh sé ar scéim na móna leis an Chomhairle Contae an áit a théadh siad amach ag tiontú mhóna ar an Chorrmhín. A chuimhne ar an am sin, bhíodh a gcuid bia le hithe amuigh acu, caidé a bhí le hithe acu. Bhí neart oibre le déanamh. | 00:04:37 | |
Fuair sé obair ansin le comhlacht mór tógála Laidlaw ag tógáil droichid. Lean sé leis an obair innealtóireachta leis an chomhlacht Laidlaw ag tógáil droichid cé nach raibh sé oillte mar innealtóir, bhí sé ábalta an obair a dhéanamh. Cur síos maith ar an obair tógála. Chaith sé 14 bliana ag obair leis an chomhlacht sin. Phill a bhean agus na páistí na bhaile agus lean Dónalll iad. Chrothnaigh sé an jab agus an chraic a bhí acu. Bhí dhá theach aige i nDún Éadan agus bhí sé féin agus a bhean ina gcónaí i gceann acu agus an ceann eile glactha ar cíos ag daoine eile. | 00:15:12 | |
Thosaigh sé ag obair le comhlacht tógála Burke & Clancy as Gaillimh. Chuaigh siad sa tóir air cionnas go raibh eolas aige ar thógáil droichid, “Bailey Bridge”. Ba thíos i mBaile an Daingean, píosa beag as Leitir Mór i gConamara a thosaigh sé ag obair ar an chéad droichead in Éirinn. Rinne siad obair ar dóigh agus rinne siad an obair a chríochnú go gasta. Tugadh ráillí anall as an Ghearmáin. Fuair na fir a bhíodh ag obair le chéile ar aghaidh go maith lena chéile. Bhíodh cóisirí acu go minic. | 00:16:33 | |
Rinne sé jab eile i bPort Láirge agus jab eile in Ros Cré. | 00:03:02 | |
Rinne sé jab eile ar dhroichead in Inver i gCo. Thír Chonaill agus bhí jab mór anseo. Bhí an réise níos faide na droichead na Gaillimhe. Cur síos ar an obair, na daoine agus a am ansin. | 00:12:13 | |
An obair a rinne sé nuair a phill sé na bhaile. Thosaigh sé ar thógáil tithe agus thóg sé tithe go leor. Thosaigh sé ar phost i mBaile Átha Cliath faoi obair don rialtas. Obair ar fhoirgnimh rialtais ar fud na tíre. Ba post maith é ach bhí cuid mhór tiomáint le déanamh ó cheann ceann na tíre. Cur síos ar a am ansin, an obair agus na daoine. | 00:10:33 | |